‘Tóraíocht i dToronto: Nollaig gafa in aerfort gan bhagáiste’ le Sorcha Ní Dhubháin

0

Bhuaigh an scéal seo le Sorcha Ní Dhubháin an chéad áit i gComórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025

Sorcha Ní Dhubháin
Sorcha Ní Dhubháin

Sorcha Ní Dhubháin

Tá sé agam… ach tá am strusmhar – agus suimiúil – ag Sorcha agus í sa tóir ar a cuid málaí

Táim ag bailiú bagáiste intíre, aerfort Toronto Pearson, a haon déag a chlog san oíche ag smaoineamh ar conas gur imigh cúrsaí chomh bunoscionn.

An ceathrú lá fichead de Nollaig dhá mhíle fiche agus a ceathair atá ann. Bhíos ag déanamh mo shlí abhaile go Corca Dhuibhne ó Shanghai. Ag féachaint ar chruinneog ní dhéanann sé mórán céille tosú sa tSín agus taisteal trí Cheanada chun Éire a bhaint amach. Níos luaithe sa bhliain, thugas cuairt ar Toronto agus thaitin an chathair go mór liom. É chomh réchúiseach, liobrálach, muinteartha.

Ag an am, bhí an ghrian ag spalpadh anuas agus bheartaíos filleadh ar ais, dá mbeadh an deis agam. Bhíos i mo chónaí i Shanghai go lánaimseartha ag an am, mar bhunmhúinteoir. Bhí sé deacair éalú ón tSín, bhí Shanghai tar éis imeacht trí dhianghlasáil ghéar a thosnaigh dhá mhí roimhe sin. Is breá le rialtas na Síne rialacha. Iarsmaí fágtha iontu ón gcumannachas.

Nuair a thosnaigh sé, cheap gach éinne sa chathair nach mairfeadh sé ach coicíos ar a mhéad. Lean an dianghlasáil ar feadh 69 lá. Tréimhse dhúshlánach do mhuintir na cathrach. Ar aon nós, is dhá eitilt a bhí i gceist sa turas: Shanghai go Vancouver, ansin Vancouver go Toronto. Ansan, an tseift a bhí agam ná dhá lá iomlán a chaitheamh i dToronto, ag spaisteoireacht timpeall na cathrach agus eitilt amach as Toronto ar an seachtú lá fichead de Nollaig.

Ní mar sin a thit amach, áfach. Bhí ráflaí ag dul thart go mbeadh sé deacair iontráil a fháil isteach sa tSín arís. Moladh dom gach rud luachmhar a thabhairt abhaile liom don Nollaig ar eagla ná ligfí isteach sa tSín arís mé. Dá bhrí sin, nuair a bhíos ag pacáil thugas gach rud tábhachtach liom, mo chéim ón gcoláiste, mo dhioplóma ó Hibernia, mo theastas breithe, seodra deas, agus mo dhá ríomhaire glúine. Ag féachaint siar ba bhotún ollmhór a bhí ansin.

Bhí an chéad chuid den aistear go breá. Aimsir gharbh i gCeanada – stoirmeacha sneachta eisceachtúla. Go leor eitiltí as Vancouver curtha ar ceal. Ach de réir chlár na n-eitiltí amach, bhí m’eitilt ó Vancouver go Toronto ag dul ar aghaidh. Eitilt intíre a bhí ann le Air Canada.

Bainim amach Toronto. Fágann gach duine an t-eitleán. Táim ag seasamh ag crios a hocht, ag faire dom dhá mhála ó Vancouver, tugtha traochta tar éis lá fada taistil. Téann tríocha nóiméad thart agus níl tasc ná tuairisc ar mo mhálaí. Leanaim orm ag faire ar an gcrios áirithe sin ar feadh uair an chloig. Ní raibh mo mhálaí riamh chomh déanach leis seo.

Tá bean cliathánach liom atá sa riocht céanna. Deacair aos a chur uirthi, luath sna seachtóidí b’fhéidir. Tosaíonn sí ag caint liom. Níor tháinig a mála den chrios bagáiste ach an oiread. “Tá apple air tag curtha sa mhála agam, áfach, agus tá sé nasctha le aip ar mo ghuthán. Taispeánann sé dom cá háit atá mo mhála.” Ceist athleanúna uaimse: “Bhuel cá bhfuil an mála mar sin?” “Tá siad anseo ag Toronto Pearson!”

Tá sé deacair gan tosú ag smaoineamh conas go bhfuil an seanóir seo níos eolasaí ar chúrsaí teicneolaíochta ná mise. Mo léan ach tá cúrsaí ag dul in olcas. Ansan tosaím ag faire ar chriosanna eile timpeall chríochfort an aerfoirt. Tá mo dhóchas ag laghdú le gach crios nach seachadann mo mhálaí ar ais chugam. Gach ní tábhachtach i mo shaol caillte agam, i bhfaiteadh na súl. Dia linn is Muire.

Meán oíche, a haon a chlog, a dó a chlog ar maidin. Faic. Fiú go dtí an lá atá inniu ann, cuireann fuaim criosanna ag tosú san aerfort faitíos orm. Tosaím ag cur sruthanna allais agus triomaíonn mo bhéal. Tá blúire de neamhord struis iarthrámach agam tar éis na heachtra ar fad.

Timpeall a dó a chlog ar maidin beartaím tabhairt faoi dheasc seirbhíse do chustaiméirí. Tá an scuaine chomh fada le habhainn na Níle. Tagann lagmhisneach orm agus mé ag féachaint ar an scuaine seo. An Nollaig atá ann agus níl mórán baill foirne ag obair. Tá sé ar chomhfhaid leis an gcríochfort, ansin leanann an líne ar aghaidh, leithead an halla. Go bhfóire Dia orainn, ní hé seo an bealach a cheapas go mbeadh Lá Nollag agam ag tosú.

Scéal tubaisteach ag gach duine

Scaoilim osna bheag íseal as mo bhéal agus mé ag dul isteach sa scuaine. Tá scéal tubaisteach ag gach duine istigh sa líne, daoine a raibh leigheas tábhachtach ina gcuid bagáiste, ualach mór daoine ag imeacht abhaile don Nollaig atá anois i bhfostú ag Toronto Pearson, gan aon mhálaí acu.

See also  COP30 proposes book-and-claim portal for sustainable aviation fuel

Tá fear ard dathúil os mo chomhair sa líne agus tosaím ag labhairt leis. Tá sé deacair gan é a thabhairt faoi deara. Eadrainn tá saghas malartú fuinnimh idir ár súile, rud éigin á n-insint againn dá chéile. Osclaím le rud éigin cosúil le, “Tá sé seo go dona, nach bhfuil?” Tosaíonn an comhrá. Malartaímid scéalta, conas go bhfuilimid sa chruachás seo. Insíonn sé dom “bhíos ag imeacht abhaile don Nollaig. Tá bronntanais Nollag mo pháistí ar fad sa mhála atá caillte ag Air Canada”.

“Leanaí”… táim ag smaoineamh… “Uh-oh, ní maith liom an treo ina bhfuil sé seo ag dul.” Tá an rud ceannann céanna tar éis tarlú don bheirt againn. Bhíomar ar eitilt Air Canada agus níor tháinig ár málaí amach ag an mbailiú bagáiste.

Fad is a táimid ag caint, luann sé an focal ‘álainn’ agus é ag tagairt dom. Tá sé soiléir go bhfuil tarraingt chómhalartach eadrainn. Deirtear nach mbíonn néal gan ghealán, bhuel cinnte, seo mo ghealán. Tá sé ard, guaillí leathana aige agus súile gorma. Tá gruaig éadrom dhonn aige. Giall láidir. Tá guth fíorfhireann aige, le blas Úcránach.

David an ainm atá ar mo chara nua. Tá fuílleach ama againn chun cainte, tá an líne ag bogadh le luas seilide. Deireann sé liom go bhfuil sé tar éis teacht óna thír dhúchais – an Úcráin, ach nuair a phléasc cogadh amach sa tír, bhog sé a chlann ar fad go Toronto. Tagann sé amach as an scuaine chun bia a fháil don bheirt againn, agus tugaim aire dá spás sa scuaine. Tá cineál fuinnimh chuideachtúil eadrainn.

Tá sólás ann go bhfuil comhluadar agam le linn an chruacháis seo. Tá ceimic eadrainn, níl aon dabht faoi ach nílim chun an teorainn a thrasnú. Tá bean chéile agus leanaí ag an duine seo.

Fad is atáimid ag fanacht sa scuaine, tosaíonn fear amháin ag scréachach, an bloc á chailliúint aige. Tá sé ag tabhairt amach faoi Air Canada. Tá atmaisféar saghas fiáin, cráite, cancrach i measc an tslua sa líne. Déanaim iarracht gan a bheith ag stánadh ar David. Tá aghaidh tharraingteach aige. Tá cuma fhíordháiríre air leis, ach táim ábalta é a chur ag gáire cúpla babhta.

Ag timpeall a ceathair a chlog ar maidin, sroichimid barr na scuaine agus tá deis againn páipéarachas a líonadh isteach á rá go bhfuil ár málaí in easnamh. Táim an-bhéasach leis an gcailín. Tuigim go mbeidh an duine seo ag cabhrú liom mo bhagáiste a fháil ar ais. Féachaim síos ar an lipéad atá ar a léine agus deirim, “Haigh Ashley, deas bualadh leat anocht!” Tugaim di an fhoirm atá líonta amach agam. Agus í ag cur mo shonraí isteach sa chóras ar an ríomhaire, déanann a méaranta fuaim “clic, clac” ar an méarchlár. Braithim olc do Ashley, is dócha nach bhfuil sí ach ag tuilleamh íosphá. Tá sí ag oibriú ar a ceathair a chlog, maidin lae Nollag agus í ag déileáil le grúpa ollmhór daoine. Daoine atá cancrach agus crosta.

Ceann amháin de mo mhálaí

Tá Ashley ábalta a fheiceáil go bhfuil ceann amháin de mo mhálaí ag an aerfort ach deacair fios a bheith aici cathain a thiocfaidh sé amach ar aon chrios. B’fhéidir go bhfuil sé i mbolg éigin atá greamaithe dúnta. Reoite toisc na haimsire fuaire. Molann sí dom dul abhaile chun roinnt codlata a dhéanamh agus teacht ar ais amárach. Ár ngnó déanta, tá David sásta an tuáille a chaitheamh isteach. Bíonn orm a bheith sásta le féachaint air agus slán a fhágáil leis. “B’fhéidir go gcífinn thú amach anseo… áit éigin ar domhan,” a deirim leis. Díreach agus é ráite agam, tuigim nach gcífidh mé an duine seo, arís, riamh, i mo shaol. Smaoineamh duairc dólásach. Níl an misneach ag ceachtar againn aon rud eile a rá nó a dhéanamh. “Slán Susan,” a deireann sé, an cuma thromchúiseach sin fós ar a aghaidh. Siúlann sé uaim, amach as mo radharc.

Táim fágtha le mothú uaigneach agus é imithe. I m’aonar arís, fágtha le m’intinn agus mo smaointe féin. Fágtha chun an cath a throid.

Tá farraigí málaí fágtha ar urlár an chríochfoirt. Cosúil le cogadh, tá na málaí scaipthe ar fud na háite ar nós coirp mharbha. Is brónach an radharc é. Clúdaíonn brat scaoill mé agus an íomhá seo os mo chomhair. Tar éis cúpla nóiméad agus mo chompánach imithe, siúlaim amach faoin aer agus gan ach mo mhála láimhe agam. Tá sé chomh luachmhar le fáinne óir agus is é an t-aon mhála atá fágtha agam anois.

See also  AFG Aviation Ireland acquires B737 from Central Airlines in China

Faighim tacsaí lasmuigh den aerfort. Faoin am atáimid ag an t-óstán, tá sé timpeall a sé a chlog ar maidin. Glaonn mo Mham orm agus beidh orm a chur i gcéill go bhfuil gach rud go hiontach. Ullmhaím mé féin chun guth sona a chur orm. “Haigh Mam! Toronto sroichte agam! Nollaig Shona! D’imigh an turas go breá. Táim éirithe luath, ag tnúth go mór le siúl timpeall na cathrach. Conas atá cúrsaí sa bhaile? Ag súil sibh a fheiceáil. Yap, sin é anois. Níl mórán scéalta eile agam. Sin é. Beidh mé libh faoi cheann dhá lá eile. OK, slán go fóillín a chroí. Slán. Slán!”

Tá dhá ríomhaire glúine Mac, seodra agus cáipéisí tábhachtacha sna málaí. Fós preab bainte asam. Gach seilbh luachmhar caillte agam laistigh de dheich n-uair an chloig. Tosaím ag caint liom féin. “Conas a gheofá do theastas breithe ar ais? Dochreidte.” Faoi dheireadh thiar thall téim a chodladh. Tá súil agam go ndúiseoidh mé agus gur léir gur drochbhrionglóid é seo ar fad agus go bhfuil mo dhá mhála sa seomra liom. Dúisím thart ar a trí a chlog sa lá agus an plean atá agam ná imeacht ar ais go Toronto Pearson agus tosú ag cuardach arís. Beidh mé ag fágaint na tíre seo i gceann dhá lá agus má tá aon seans faoin spéir agam, b’fhearr dom mo mhálaí a aimsiú agus mé i gCeanada. Ag Toronto Pearson, tá farraigí na málaí fós ar fud na háite. Ó a Thiarna. Tugaim aghaidh ar dheasc na seirbhísí custaiméara arís. Tá na clibeanna a bhí ar mo mhálaí agam. Tá an t-ádh orm.

Is trí na huimhreacha seo atá siad ábalta mo mhálaí a lorg ar an gcóras. B’fhéidir inniu go mbeadh a fhios acu cá bhfuil an dara mála agam. Buailim le bean álainn sa scuaine. Is as Ceanada í, ach í ina cónaí in L.A. Charlie an t-ainm atá uirthi. Leispiach is ea í agus is as Los Angeles dá céile. Cruthaíonn sí ceol leictreonach, ansin déanann sí iarracht é a dhíol. Baineadh úsáid as ceann nó dhó dá rianta sa scannán Bullet Train. Tá galántacht ag baint léi. Blas de Chathair na nAingeal. An-fhaiseanta. Gruaig fhionn ghairid. Réitímid go maith le chéile.

Lipéad turcaid

An fear os a comhair sa scuaine, casann sé timpeall agus tosaíonn sé ag caint linn. Fear ard, óg, ó Dubai atá ann. Timpeall dhá bhliain is fiche d’aois. Tosaímid ar fad ag cabaireacht. Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuilimid sa scuaine i bhfochair a chéile, ar feadh sé uair an chloig. I measc na n-ábhar a chlúdaítear bíonn: beatha tar éis bháis, páirtnéirí, an caighdeán maireachtála i gcathracha éagsúla agus taisteal. Bímíd ag gáirí le chéile, an triúr againn ag pointí áirithe. Buaileann an smaoineamh mé, muna mbuailfinn le daoine suimiúla le linn na heachtra seo, bheinn imithe go hiomlán as mo mheabhair.

Tá lipéad turcaid agam ar mo dhá mhála. Mo chomhghleacaí ón obair a thug dom iad. Amach as cúinne mo shúl, cím mála ag imeacht timpeall ar chrios in aice linn. Mála corcra is ea é, lipéad turcaid air, agus ribíní glasa agus óir (dathanna na Ríochta.) Ó… sin mo mhála-sa! Iarraim ar mo chairde nua mo spás sa scuaine a shábháil agus rithim anonn go dtí an crios, chomh tapaidh is gur féidir liom. An meabhalscáil é seo, os comhair mo shúl?

Bainim mo mhála den chrios go tapa. Tá mála amháin faighte agam! Tá fonn orm barróg a thabhairt don mhála ansin os comhair gach duine san aerfort. Táim in ard-ghiúmar nuair a théim ar ais go dtí mo chairde nua – Charlie agus Ali. “Merry Christmas, ya filthy animals!” a deirim leo go bródúil agus mo mhála ag seasamh in aice liom.

An lá dar gcionn, an fiche séú lá, buailim le mo chara Scarlet – tagann sí go dtí m’óstán chun bricfeasta a ithe liom. Insím di an méid a thit amach. “Chuala mé ar maidin go rabhadar ag déanamh glanadh suas mór ar Toronto Pearson inniu, ag cur ord agus eagar ar halla an bhagáiste. Fógraíodh é ar an raidió,” a mhíníonn Scarlet dom. Ansin, téann Scarlet ar aghaidh chun cur síos a dhéanamh ar eachtra strusmhar a tharla di nuair a d’fhág sí Shanghai.

Chuaigh bean i dteagmháil léi a bhí ag iarraidh a cat a iompar ó Shanghai go Toronto. Is duine an-chabhrach í Scarlet agus bheartaigh sí an cat a thabhairt go Ceanada nuair a bhí sí ag dul abhaile don Nollaig. Is as Toronto do Scarlet, ach cosúil liomsa, bhí sí ina cónaí i Shanghai. Ar aon nós, bhí am uafásach ag Scarlet ag iarraidh an cat a thabhairt léi ar an eitilt.

See also  Dublin-based CDB Aviation delivers five A320neo aircraft to Volaris

“Bhí cuma neirbhíseach ar Winky. Thóg mé Winky amach as a chás chun é a chuimilt ach ansan d’ardaigh sé a chos in airde agus dhein sé cac lom díreach ar urlár an aerfoirt…”

“Wow, Winky bocht,” a deirimse, leath ag éisteacht léi. “Winky bocht?!” a screadann Scarlet. “Scarlet bocht, ba cheart duit a rá! Bhí orm an diabhal cac a ghlanadh suas! Bhí náire an domhain orm!” Leanann an scéal ar aghaidh. Nílim ach leath ag éisteacht, áfach, mé fós ag smaoineamh ar mo mhála.

Leis an nglanadh suas seo déanta acu san aerfort, b’fhéidir go bhfuil seans ann, seans beag bídeach, go bhfaighidh mé mo mhála eile ar ais. I ndiaidh bricfeasta téim ag spaisteoireacht timpeall na cathrach i m’aonar. Déanaim roinnt siopadóireachta. Ithim béile agus bíonn blaiseadh agam den tsaoire a bhí i ndán dom sular chailleas na málaí.

Tagann an seachtú lá fichead de Nollaig nó ‘D-Day’, lá na cinniúna. Is é an mála atá fós ar iarraidh ná an ceann le mo dhá ríomhaire inti. Blianta d’acmhainní múinteoireachta sábháilte ar an ndiabhal gléis. Míníodh dom ag an aerfort má fhaigheann Air Canada an mála go bhfuil dualgas dlíthiúil orthu é a sheoladh chugam go hÉirinn. É sin ráite, ní fios cad a tharlóidh más rud é nach bhfuilim anseo i gCeanada chun cuardach go fisiciúil.

Aerfort nach ndéanfad dearmad air

Táim neirbhíseach agus an tacsaí ag druidim le Toronto Pearson. Aerfort nach ndéanfad dearmad go deo air. Tá sé i gceist agam cuardach a dhéanamh ar feadh uair an chloig go leith roimh m’eitilt – an seans deireanach. Féachaim timpeall agus tá sé soiléir go bhfuil na málaí curtha in ord agus in eagar acu. Tá na farraigí málaí a bhí scaipthe ar fud na háite imithe, táid curtha i línte anois. Cuma shlachtmhar ar an gcríochfort.

“A Thiarna, tá málaí dubha agus liatha ag an oiread sin daoine,” a smaoiním i m’aigne. Déanaim ciorcal amháin den halla, faic. Táim ar tí tosú ag gol ag an bpointe seo agus socraím dul chuig an leithreas mar braithim na deora ag teacht. Níor mhaith liom ról an ‘crazylady’ san aerfort ag olagón, a ghlacadh. Braithim suaite. Táim ag siúl suas go dtí an leithreas sa chríochfort agus ag seasamh mar shaighdiúir dílis ag taobh an dorais, feicim mo mhála. Branda ‘Wenger Saber’, dath liath air, lipéad turcaid ceangailte ar a bharr. Ligim béic amach ‘Yeeeeeeee-ow!!!’ ag scaoileadh leis an bhfrustrachas ar fad a bhí ag fás im bholg le cúpla lá anuas. Míorúilt.

Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar an bhfaoiseamh a ritheann trí mo chorp. Idir an dá ríomhaire glúine, tá luach cúig mhíle euro, ar a laghad, ar an stuif atá sa mhála. Táim fós ag próiseáil na fírice go bhfuil an tromluí ar fad thart nuair a ritheann David suas chugam agus tugann sé barróg dom.

“Tháinig mé ar ais chun mo mhála a chuardach!” a mhíníonn sé. “An bhfuair tú é?” a d’fhiafraíos de. “Fuair!” a fhreagraíonn sé agus loinnir ina shúile. “Beidh Nollaig mhór mhaith ag do leanaí mar sin! Fuaireas mo dhá mhála, freisin!” a bhéicim le lúcháir.

Seo an chéad uair go rabhamar chomh cóngarach go fisiciúil agus tógaim an deis a bholadh a shú isteach – céadras. Sular féidir liom mórán eile a rá leis, tá sé imithe. Agus mé ag seiceáil isteach don eitilt go Baile Átha Cliath, táim saghas trámaithe go gcaithfidh mé scaoileadh leis na málaí arís. Déanaim cur síos ar an gcrá croí ar fad a bhí agam don gcailín ó Aer Lingus – Sinéad. “I ndáiríre Sinéad, an féidir leat geallúint a thabhairt dom go sroichfidh na málaí seo bailiú bagáiste in aerfort Bhaile Átha Cliath?” a impím uirthi. Tá an t-eitleán ar tí éirí in airde agus mé ag machnamh ar a leithéidí Charlie, Ali, Scarlet agus ar ndóigh… David.

Bíonn bleaist faoisimh orm arís nuair a bhailím mo mhálaí i mBaile Átha Cliath. Cúpla mí ina dhiaidh sin, i rith an earraigh, tagann pacáiste ó Toronto go dtí mo theach. Creid é nó ná creid, ach is pacáiste ‘apple air tags’ do mo bhagáiste atá ann.

“Le grá, David” a deireann an nóta. Fós inniu, nuair a fhaighim boladh an chéadrais, tagann miongháire ar m’aghaidh, smaoiním air agus ar aerfort Toronto Pearson.

Share.

Comments are closed.