
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre. Cuirfear €171,850 ar fáil faoi Scéim Taispeántais na Músaeim Réigiúnacha 2024.
Féachann tionscadail a mhaoinítear faoin Scéim seo le tairiscint chultúrtha na músaem a fheabhsú, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid na músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.
Tá sé thionscadal déag ag fáil maoinithe i mbliana lena n-áirítear Músaem Ime Chorcaí CLG, le haghaidh athchóiriú chás taispeántais oiriúnach chun samplaí d’im phortaigh a chur isteach; agus Músaem Chathair na Gaillimhe, chun samhail 3D a uasghrádú bunaithe ar an túrtheach ón 15ú-16ú haois i gCill Chluaine, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe.
Dúirt an tAire Martin:“Is acmhainní thar a bheith tábhachtacha iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha chun rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre, cruthaíonn siad muintearas trí oidhreacht roinnte a cheiliúradh agus cuireann siad slí iontach ar fáil le foghlaim faoi stair an cheantair áitiúil. Thug obair mo Roinne thar na blianta ag maoiniú tionscadal faoin Scéim seo deis do chomhlachtaí cultúrtha leanúint ar aghaidh ag cur le cur i láthair a dtaispeántas agus ag feabhsú an tairiscint chultúrtha do na pobail ar a bhfreastalaíonn siad. Bailíonn, caomhnaíonn agus stórálann ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha réada agus ábhair a bhfuil luach reiligiúnach, cultúrtha agus stairiúil leo agus iad ag soláthar foinse siamsaíochta agus iontais. Cuidíonn na músaeim seo lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn agus gan iad, bheadh go leor dár stair agus dár gcultúr caillte thar na blianta.”
- An Cabhán Gailearaithe Mhúsaem Chontae an Chabháin a Athléiriú Gaileartaithe Mhúsaem Chontae an Chabháin a Athshamhlú – tionscadal chun cuid de na taispeántais reatha sa Mhúsaem a nuashonrú, a atheagrú agus a athléiriú. Tá sé mar aidhm aige úsáid spáis a uasmhéadú i limistéir taispeántais, feabhas a chur ar insint na dtaispeántas agus inrochtaineacht iomlán roinnt de na taispeántais a fheabhsú. €8,938
- Baile Átha Cliath Foundations to Future Exhibition Cuirfidh foireann Mhúsaem an CLG a dtaispeántas nua dar teideal ‘Foundations to Future’ i láthair ina ndéanfar iniúchadh ar bhunú, fás agus todhchaí gach Spórt Ghaelach lena n-áirítear peil, iománaíocht, peil na mBan, camógaíocht, cluiche corr agus Liathróid Láimhe. Taispeántas úrnua a bheidh ann, an chéad cheann sa spás taispeántais shealadaigh ó 2020 i leith, agus an chéad mhórthaispeántas don mhúsaem ó tháinig deireadh leis an bpaindéim. €4,500
- Baile Átha Cliath Athdhearadh shuíomh gréasáin Mhúsaem Litríochta na hÉireann & Aistrithe Chód MF Athdhearadh shuíomh gréasáin Mhúsaem Litríochta na hÉireann, lena n-áirítear athfhorbairt acmhainní atá ann cheana féin mar aon le gnéithe nua a chuirfidh le heispéireas an úsáideora do chuairteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta, lucht féachana le riachtanais inrochtaineachta agus úsáideoirí ó chian ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. San athfhorbairt feabhsófar eispéireas an úsáideora agus méadófar rannpháirtíocht na ndaoine a thugann cuairt ar an Músaem ar an láthair agus na ndaoine sin nach bhfuil in ann cuairt a thabhairt ar an Músaem ach ar mhaith leo litríocht na Gaeilge a léamh trí acmhainní ar líne. €11,272
- Baile Átha Cliath Taispeántas Dearaidh Póstaer Amharclann na Mainistreach Ag comóradh 120 bliain d’Amharclann na Mainistreach, coimeádfaidh foireann an Mhúsaeim taispeántas ina ndéanfar ceiliúradh ar dhearadh póstaeir amharclainne ó na 70idí agus 80idí. Is déantáin stairiúla agus shóisialta thábhachtacha iad na póstaeir ar a léirítear tréimhse i ndearadh agus i léiriú ár n-amharclann náisiúnta ina raibh cúrsaí ag athrú, chomh maith le forbairtí i dteicneolaíocht na priontála. Scrúdófar sa taispeántas digiteach agus fisiciúil ról an phóstaeir amharclainne chun an léiriú a thabhairt ón stáitse agus a chur os comhair an phobail. €14,438
- Baile Átha Cliath Eispéireas RF Ulysses Is éard atá i RF Ulysses ná eispéireas RF ina ligtear do chuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath 1904 James Joyce agus ina spreagtar cuairteoirí féachaint ar fhorbairt an leabhair ar bhealach físiúil, spraíúil agus idirghníomhach. €1,800
- Ciarraí Mná Liteartha Chiarraí Sa tionscadal seo léireofar agus déanfar ceiliúradh ar an méid a rinne scríbhneoirí mná as Ciarraí trí thaighde a dhéanamh ar a saolta agus a saothair agus trí thaispeántas ildisciplíneach a chruthú chun a dtionchar ar an litríocht agus ar an gcultúr a léiriú. Tá sé mar aidhm aige comhionannas inscne a chur chun cinn san ionadaíocht chultúrtha agus tairiscintí an mhúsaeim a shaibhriú trí raon na scríbhneoirí atá i gceist a éagsúlú. €14,887
- Corcaigh Athchóiriú Chás Taispeántais an Mhúsaeim Ime Cás taispeántais a dhéanamh sa Mhúsaem Ime a bheadh oiriúnach chun samplaí d’im phortaigh a chur isteach lena thaispeáint €6,750
- Corcaigh SIRIUS: Past/Present/Future – Archive and Collection Is éard atá sa tionscadal seo ná taispeántas a chur ar fáil ina ndéantar iniúchadh ar chartlann agus ar bhailiúchán SIRIUS. Tá saothair agus doiciméid i seilbh SIRIUS a bhaineann le foirgneamh agus timpeallacht ionad Sirius Art, i mbaile stairiúil an Chóibh. Is é an cuspóir iad a ullmhú le haghaidh léiriú poiblí, lena mbaineann catalógú agus staidéar a dhéanamh orthu, agus a gcaomhnú agus a stóráil chuí a áirithiú. Sa taispeántas, comhcheanglaítear na míreanna seo le saothair nua-choimisiúnaithe a fhreagraíonn do théamaí sonracha shuíomh Ionad Ealaíne Sirius, lena n-áirítear trádáil, féiniúlachtaí diaspóracha, scéalta coilíneacha, agus éiceolaíocht. €4,875
- Dún na nGall Trealamh do Chlár Taispeántais Mhúsaem Chontae Dhún na nGall Eagraíonn foireann an Mhúsaeim taispeántas bliantúil agus clár imeachtaí gaolmhara agus in 2024/2025 forbrófar dhá thaispeántas inmheánacha nua; sa chéad cheann díreofar ar shaol mhná Dhún na nGall i ndiaidh neamhspleáchais; sa dara ceann díreofar ar shaol oibre na ndaoine a chuaigh ar imirce ó Dhún na nGall go hAlbain idir 1940 agus 1990. €8,250
- Gaillimh Keepers of the Gael i Músaem Chathair na Gaillimhe – Uasghrádú Taispeántais I dtaispeántas Keepers of the Gael i Músaem Chathair na Gaillimhe scrúdaítear an tsochaí agus an cultúr Gaelach in Éirinn idir 1200-1600 AD. Beidh dhá uasghradú sa tionscadal ar an taispeántas atá ann cheana féin: Samhail 3D de thúrtheach bunaithe ar an túrtheach i gCill Chluaine, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, dátaithe go dtí an 15ú-16ú haois, áit a raibh teaghlach bardúil Uí Uiginn ina gcónaí. Taispeántas closamhairc ar Book of the O’Lees (Book of Hy-Brasil) treoir léirmhínithe scáileán tadhaill. €15,000
- Luimneach Ag eitilt sa treo ceart: Athbhrandáil comharthaí an Mhúsaeim Atbhrandáil an Mhúsaeim (agus na taispeántas) chun an fhorbairt nua a seoladh i mí Mheán Fómhair a chur san áireamh. Leaganacha Gaeilge de chomharthaí a chur ar fáil aon áit gur féidir chun scoileanna Gaeilge a mhealladh agus leaganacha braille a chur ar fáil chun cuimsitheacht a fheabhsú agus chun rochtain a thabhairt do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu. €14,800
- Luimneach Dunraven 200 Exhibition In Dunraven 200 déanfar ceiliúradh ar an tacaíocht mhór a thug Iarlaí Dunraven d’oidhreacht, cultúr agus saol poiblí Chathair agus Chontae Luimnigh le dhá chéad bliain anuas. Chun an oidhreacht shaibhir seo a cheiliúradh, cuirfidh foireann Mhúsaem Luimnigh taispeántas ar siúl in Ardeaglais Naomh Muire, a osclófar go hoifigiúil le linn Sheachtain na hOidhreachta 2024. Comhshaothar le triúr mórpháirtithe leamsmhara i Luimneach a bheidh in Dunraven 200: Ardeaglais Naomh Muire, Músaem Luimnigh agus muintir Dunraven. €8,250
- Luimneach Creepy Crawlies: Love/ Hate Sa taispeántas seo úsáidtear réada ó Mhúsaem Hunt chun tús a chur le comhráite faoin mbithéagsúlacht – Creepy Crawlies – agus a ról ríthábhachtach inár saol. Trí thaispeántais idirghníomhacha, pacáistí oideachais, agus eispéiris thumoideachais, sa taispeántas seo cothaítear tuiscint níos doimhne ar chréatúir an domhain seo, ar a ngnáthóga, agus ar a dtionchar domhain ar ár gcuid folláine. Cuirfidh an taispeántas seo le tarraingteacht Luimnigh mar cheann scríbe turasóireachta cultúrtha do ghrúpaí teaghlaigh thar shéasúr na turasóireachta agus le linn na scoilbhliana. €15,000
- Maigh Eo Patita Bourke Nicholson – ag féachaint siar ar shaol ealaíontóra Sa tionscadal baileofar agus déanfar ceiliúradh ar shaothar Patita Bourke Nicholson as Enniscoe House a phéinteáil saol an teaghlaigh agus na tuaithe ag deireadh an 20ú haois. Sa taispeántas cruthófar bealaí chun scéal ban-ealaíontóra a rugadh i mBaile an Chaisil a bhailiú, a thaifeadadh, a chaomhnú agus a chur i láthair. Sa taispeántas agus sna himeachtaí for-rochtana scrúdófar an stair áitiúil ar na saolta deireanacha trí na scéalta a nochtfar sna léirithe mionsonraithe seo ar an gceantar. €13,090
- Port Láirge Céim 2 de Mhúsaem Ama na hÉireann Músaem Ama na hÉireann a shíneadh isteach sa Halla Láir in aice láimhe, chun cur i láthair ceannródaíoch idirghníomhach a dhéanamh ar choinneáil ama tríd na mílte bliain, a aithníodh mar easpa sa mhúsaem atá ann cheana féin, holagram IS & taispeántais nua lena n-áirítear ‘Am Phort Láirge’ (4 nó 6 chlog a rinneadh i bPort Láirge, a fuarthas le déanaí ó thiomsú airgid) agus ‘Am Cuaiche’ (na fiche clog cuaiche is fearr ar domhan). €15,000
- Tiobraid Árann Visual Emotion: A Survey of 40 Years of Photography Exhibition Tá foireann Mhúsaem Stair Cheilte Thiobraid Árann ag pleanáil taispeántais dar teideal Visual Emotion: A Survey of 40 Years of Photography by professional and award winning photographer John D Kelly’. Áireofar i dtaispeántas an Mhúsaeim modhanna traidisiúnta chun grianghraif a chur i bhfráma, socruithe crochta comhaimseartha agus scáileáin thionsclaíocha eagraithe ar struchtúr mór miotail neamhspleách a leagfaidh béim ar ghluaiseachtaí réidh John. €15,000